top of page

Deireadh seachtaine le Gaeilge

Éalú ar Inis Oírr, an toileán is lú de na hOileáin Árann.

Moile síos agus nasc leis an nGaeilge. Ióga, leigheas fuaime, obair anála, snámh farraige, siúlóidí cois cósta, bia blasta fásta go háitiúil, ceol, caint & comhrá.

20221117_115941.jpg

​Treoraithe ag Áine, oileánach, atá ag tabhairt cuireadh duit dul i dtaithí ar áilleacht dochreidte Inis Oírr trí shúile duine de mhuintir na háite. D’fhás Áine aníos ar Inis Oírr. Is breá léi a dearcadh féin a roinnt ar thábhacht na teanga chomh maith leis an tionchar dearfach a bhíonn ag gluaiseacht ar ár gcorp meabhrach agus fisiceach.

Céard le bheith ag súil leis

Déan do bhealach go Inis Oírr Dé hAoine. Cruinnigh agus buail leis an ngrúpa le haghaidh béile éadrom ullmhaithe ag baint úsáide as comhábhair a fhástar go háitiúil. Tar éis siúlóid ghearr go dtí ár spás dhraíochtiúil lig le haon teannas le roinnt ióga atá oiriúnach do gach cumas. Ullmhóidh roinnt anála shimplí agus ióga dátheangach muid le oíche codlata shuaimhneach.​

Tosnoidh an lá le roinnt ióga (ar an trá má cheadaíonn an aimsir) agus muid ag breathnú uainn ar an ngrian ag scaladh thar bhaile álainn Dhúlainn agus aillte móra an Mhothair.

Ina dhiaidh sin, lig don Atlantach do chuid imní a ghlanadh le snámh san uisce glan úr.  Mothaigh tú tumtha sa tírdhreach le fuaim na n-éan agus na dtonn ag bualadh in aghaidh an chladaigh do shocrú don lá atá  romhat.

Scaoil leis an strus laethúil agus bí, go simplí i láthair na huaire. Tar éis an bhricfeasta caith roinnt ama ag spaistóireacht timpeall an oileán. Siúlóidí cladaigh, folcadáin fuaime ag bailiú eolais faoi phlandaí na háite, do rogha féin. Tá chuile deireadh seachtaine beagáinín éagsúil agus fágtar neart ama i gcónaí le rudaí a dhéanamh ar do luas féin.​

Bailigh le chéile um thráthnóna le haghaidh béile baile-cócaráilte lán le comhábhair áitiúla, deis taithí agus siamsaíocht a roinnt le chéile.

Cuirfidh maidin aoibhinn ióga, sabhna agus snámha abhaile thú agus tú ag aireachtáil go hiomlán athnuachan, réidh le tabhair faoin saol aríst.

Nóta

Beidh an chuid is mó de ghníomhaíochtaí laethúla ar siúl lasmuigh sa tírdhreach uathúil aolchloiche. Ag braith ar an aimsir tá spás álainn laistigh ag fanacht más gá. Bíonn gach deireadh seachtaine rud beag éagsúil agus cuireann sé ar ár gcumas  muid na himeachtaí a athrú de réir mar a fheileann.

Cinntítear eispéireas uathúil agus seans do cheangal leis an teanga agus le gluaiseachtaí do choirp 'is d'anáil a chleachtadh as Gaeilge.

*Praghsanna ticéid ar scála sleamhnáin ar fáil. Téigh i dteagmháil le ealuaran.com le plé a dhéanamh..

Céard  le tabhairt  leat

Éadaí Te, fearas báistí, hata, tóirse póca, peann, páipéar, culaith snámha, cupán ath-inúsáidte agus buidéal uisce.

Scéal, dán, amhrán, uirlis cheoil nó cluas éisteachta.​

San áireamh sa chostas

lóistín 2 oíche, béile éadrom ar theacht, 1 x Dinnéar, 2 x bricfeasta ilchríochach, tae, deochanna agus sneaiceanna ar fad.

Nach bhfuil san áireamh

Taisteal go dtí an oileán. Cóireálacha Spa, cíos rothar má thograíonn tú.

bottom of page