top of page

Mo Scéal 

IMG_5340 b.jpg

Rugadh agus tógadh mé ar Inis Oírr sna hOileáin Árann. Tógadh mé  i dteaghlach dhá theangach agus tá ceathrar dearthaireacha níos sine agam. Is uathu sin a d’fhorbair mo ghrá don aclaíocht, bhí orm a bheith ar mo bharriciní chun coinneáil suas leo. Bhí grá mór i gcónaí agam don spórt, go speisialta an pheil ghaelach. Bhí an t-ádh orm geansaithe Inis Oírr, Oileáin Árann, Corofinne agus na Gaillimhe a chaitheamh thar na mblianta.

 

I 2012 bhí mé i dtimpiste bóthair. Fágadh mé le pian droma laethúil le os cionn ceithre bliana. Bhí go leor deachrachtaí agam ó thaobh na hoibre agus an spórt de. Le cabhair ó instealladh rialta bhí mé in ann páirt bheag a ghlacadh i bpeil agus sa saol i gcoiteanne ach ní raibh morán sásaimh agam le linn an tréimhse seo. Ag féachaint siar ar an am seo, b’é ceann de na rudaí ab fhearr a tharla dom.  Chuir mé suim sa ióga, san análú agus i modhanna eile bogadh dá bharr.


Tá grá mór agam don taisteal. Bhí an t-ádh liom a bheith in ann cuairt a thabhairt ar thíortha go leor le roinnt blianta anuas agus fiú an domhan a thimpeallú. I mí Eanáir 2020 fuair mé seans dul chomh fada le hIndia agus freastal ar chúrsa múinteoireachta ióga,  TTC Yoga Alliance.

Bhog mé ar ais go Ceanada tar éis an chúrsa seo agus táim ag múineadh ar líne nó i bpearsa aon seans a fhaighim ó shin. Ó shin i leith bhog mé ar ais go dtí mo theach, Inis Oírr, áit a mbím ag múineadh ióga chomh maith le bheith i m’oifigeach Gaeilge ar an oileán. Chun cur síos a dhéanamh ar mo stíl ióga, dearfainn go bhfuil meascán idir stíl Vinyasa agus Hatha. Múinim ranganna íoga bog atá féiliúnach do chách is cuma cen aois nó ábaltacht. Bogadh mall é seo ina bhfuil béim mhór ar an anáil agus aird ar na baill coirp. Is rang beagainín níos dúshlanaí é an Ióga leibhéal 2 ina gcruthaítear árdú ar an ráta croí - ardú beag! Rang le neart rithim, éagsúlacht agus ar ndóigh, mar i gcónaí, béim ar an análú.

 

Ióga trí Ghaeilge

D’aon duine ina bhfuil aithne acu orm ní duine mé a thugann faoi rud amháin ag aon am amháin. Tá dhá phaisean agam - Ióga agus Gaeilge agus thosaigh mé ranganna Ióga as Gaeilge a bhuí d’iarratas ó chara. Tá sé mar aidhm ag na ranganna seo spás a oscailt do dhaoine teacht le chéile chun Gaeilge a labhairt agus a gcolainn a bhogadh ag an am céanna. Bíonn am ag tús gach rang chun comhrá as Gaeilge agus ceisteanna a fhreagairt. Más duine tú gan aon taithí Gaeilge nó ióga tá míle fáilte romhat páirt a ghlacadh, is cuma cen aois nó leibhéal ábaltacht.

IMG-20211123-WA0019.jpg
IMG_5785 g.jpg

Chuir mise suim sa ióga ar dtús de bharr dúshláin agus buntáistí na n-asanas (na cruthanna). De réir mar a chuaigh mé i gcleachtadh ar na cruthanna agus na tradisiúin a bhaineann leis, thosaigh sé ag dul i bhfeidhm go mór ar mo shaol laethúil. Ba dhúshlán mór dom seasamh siar ón bfuinneamh fhearúil, ón bhfoirfeacht, ón duine a bhí i gcónaí ar a dícheall ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh agus a bhí róchrua uirthi féin. Anois de réir a chéile tá an tábhacht a bhaineann le moilliú síos agus cothromaíocht a chruthú ag dul i bhfeidhm go mór orm chomh maith le grá a thaispeáint dom féin. Is scoláire i gcónaí mé agus le gach lá tagann dúshláin a thugann seans eile léargas agus cothromaíocht a chruthú.

 

Níl mé foirfe agus ní saineolaí Yogi mé atá in ann mo chosa a chur timpeall ar mo cheann (go fóill)! ach le cleachtadh laethúil tá mo neart, solúbthacht agus láidreacht colainne ag dul i méid. Ba mhaith liom na buntaistí a bhaineann leis an gcleachtadh seo a roinnt le haon duine a bhfuil fonn orthu triail a bhaint as. 

bottom of page