top of page

Taisteal & Ceisteanna Cómónta

Cén chaoi le do bhealach a dhéanamh go hInis Oírr agus eolas thábhachtach eile!

Inisheer_Aine-3.jpg

Taisteal

Tá Inis Oírr suite 6 mhíle ó chósta Chontae an Chláir agus 12 mhíle ó Ros an Mhíl i gCo. na Gaillimhe. Beidh ort bád nó eitilt a fháil chuig an oileán.

As Gaillimh

Bád Ros a Mhíl, Co. na Gaillimhe

Gach lá ó Ros a Mhíl 10.30am nó 6pm (6.30pm ar an Aoine)

Gach lá ó Inis Oírr 8am (8.45am ar an Domhnach) nó 4.30pm

Fágann bus ó Ghaillimh ag 9am nó 4.45pm nó páirceáil €5 in aghaidh an lae

Aranislandsferries

 

Éitilt

Indreabháin, Co. na Gaillimhe 9am, 10.30am or 4.30am

Bus ó chathair na Gaillimhe nó páirceáil saor in aisce

Aer Árann

 

Ó Dúlainn

Doolin Ferries, Co. an Chláir, 10am-5/6pm gach uair nó mar sin. Déan seiceáil leis an gcomhlacht.

Doolin Ferries

Páirceáil €15 don deireadh seachtaine

Céard le pácáil

Éadaí Te, culadh báistí, hata, tóirse póca, peann, páipéar, culaith snámha (roghnach), uachtar gréine (méara trasna), cupán ath-inúsáidte agus buidéal uisce. Scéal, dán, amhrán, uirlis cheoil nó cluas éisteachta .

IMG-20220626-WA0007.jpg
Inisheer_Aine-6.jpg


Cén leibhéal ióga a bheas ann?

Tá fáilte roimh chuile leibhéal! Is cuma más glanthosnaitheoir tú nó yogi a bhfuil taithí agat, beidh spás ann duit na gluaiseachtaí a athrú ag bhraith ort fhéin.

Lóistín

Tá seomra folcadh priobháideach ceangailte do chuile sheomra. Beidh tú ag fanacht i dtithe áitiúil. Do dhaoine atá ar an chúlú seachtaine bheidh cistineach ann dóibh le núsáid.

20221117_140651.jpg
WhatsApp Image 2024-01-27 at 12.16.09.jpeg


Céard faoi mo leibhéal Gaeilge?

Tá fáilte roimh chuile leibhéal Gaeilge! Is cuma más glanthosnaitheoir tú nó má tá tú líofa. Beidh fáilte romhat do chuid Gaeilge a chleachta nó simplí a bheith ag éisteacht.

An bhfuil an cúlú oiriúnach do thaistealaithe aonair?

Cinnte! Freastalaíonn go leor daoine ina n-aonair. Is deis iontach é teagmháil a dhéanamh le daoine atá ar aon intinn leat fhéin. Cothaíonn an t-atmaisféar pobail tacúil agus spraoiúil.

20221117_140029.jpg
20221117_140029_edited.jpg
20230625_081010.jpg

An gcuirtear béilí ar fáil?

Tá béilithe cothaitheacha san áireamh. Féach ar cúlú  ar leith le haghaidh tuilleadh sonraí. Cuirimid roghanna vegetarian agus vegan ar fáil. Cuir in iúl dúinn roimh ré faoi aon srianta aiste bia nó roghanna, agus déanfaimid ár ndícheall chun freastal ar. Féach cúlaithe sonracha le haghaidh tuilleadh sonraí. Tá cúlú seachtaine folláine féinfhreastail.

Cad é an difríocht idir Deireadh Seachtaine le Gaeilge agus an tSeachtain Folláine?

Áiríonn an tseachtain Folláine seo Retreat Deireadh Seachtaine (5 - 7 Iúil) agus an tseachtain ina dhiaidh sin. An tseachtain dar gcionn (8ú - 12ú Iúil) beifear in ann iad féin a luasú agus beidh líon níos lú gníomhaíochtaí san áireamh. Siúlóidí cois cósta, ranganna ióga tráthnóna, cuairt ar Inis Meáin nó Dulainn agus fáilte romhat úsáid a bhaint as áiseanna Éalú Aran i rith na seachtaine. Am le haghaidh scíthe, b'fhéidir fiú seiceáil ar an Spa áitiúil, comhráite agus siamsaíocht.

WhatsApp Image 2024-01-27 at 12.16.08.jpeg
20230816_170526.jpg


Cén chuma atá ar an sceideal laethúil?

Go hiondúil bíonn seisiúin ióga ann ar maidin nó tráthnóna, le roinnt machnamh, am saor le haghaidh scíthe nó gníomhaíochtaí roghnacha, agus béilí le chéile. D’fhéadfadh go n-athróidh an sceideal, mar sin, seiceáil na sonraí a bhaineann leis an gcúlú a roghnaigh tú.

Cén chaoi le spás a chuir in áireamh agus céard é an polasaí cealaithe?

Is féidir leat d’áit a chur in áirithe ar ár suíomh Gréasáin nó trí teagmháil a dhéanamh le ealuaran@gmail.com. Seiceáil ár bpolasaí cealaithe le haghaidh sonraí maidir le haisíocaíochtaí agus spriocdhátaí.

20221117_140029_edited.jpg
20230702_165603.jpg

An bhfuil scála sleamhnáin ann do phraghsanna ticéad?

Cinnte! Téigh i dteagmháil le ealuaran@gmail.com le tuilleadh eolas a fháil,

bottom of page