top of page

Seachtain Folláine 

Éalú ar Inis Oírr, an toileán is lú d’Oileáin Árann.

Nasc le luas níos moilel agus leis an nGaeilge. Ióga, leigheas fuaime, obair anála, snámh farraige, siúlóidí cois cósta, bia blasta fásta go háitiúil, ceol, caint & comhrá.

WhatsApp Image 2024-01-27 at 12.16.08 (1).jpeg

Treoraithe ag Áine, oileánach, agus í ag tabhairt cuireadh duit dul i dtaithí ar áilleacht dochreidte Inis Oírr trí shúile duine de lucht na háite. D’fhás Áine aníos ar Inis Oírr. Is breá léi a dearcadh féin a roinnt ar thábhacht na teanga chomh maith leis an tionchar dearfach a bhíonn ag gluaiseacht ar ár gcorp meabhrach agus fisiceach.

Céard le bheith ag súil leis

Tuirling ar do bhealach fhéin Dé hAoine.
Cuir aithne ar ár ngrúpa, le béile le chéile roimh roinnt gluaiseachtaí réidh roimh chodladh.

Áiríonn an ticéad seo Retreat Deireadh Seachtaine (5 - 7 Iúil) agus an tseachtain ina dhiaidh sin. An tseachtain dar gcionn (8ú - 12ú Iúil) beifear in ann rudaí a dhéanamh ar do luas fhéin le cúpla gníomhaíochtaí san áireamh. Siúlóidí cois cósta, cuairt go hInis Meáin nó Dulainn ar do shuaimhneas i rith na seachtaine, ranganna ióga sa tráthnóna, am scíthe, b’fhéidir fiú seiceáil ar an spá áitiúil, comhráite agus siamsaíocht.


Foghlaim faoi stair agus teanga an oileáin le duine áitiúil.
Éist léi/Labhair an Ghaeilge ar feadh an ama leis an gcúlú dátheangach seo.


Lig don Aigéan Atlantach do chuid imní a ghlanadh amach agus tú ag snámh go luath ar maidin san uisce glan criostail. Mothoidh tú tumtha sa tírdhreach le fuaim na n-éan agus na dtonn ag bualadh in aghaidh an chladaigh chun tú a réiteach don lá amach romhat.

Siúlóidí cladaigh, folcadáin fuaime, cóireálacha spá, ag piocadh agus ag foghlaim faoi phlandaí inite, do rogha féin. Tá gach lá beagán uathúil agus neart ama fágtha dhuit i gcónaí spáisteoireacht a dhéanamh ar do luas féin.

Cuirfidh maidineacha aoibhinn le imeachtaí éagsúla cosúil le ióga, sabhna agus snámha abhaile thú go hiomlán athnuachan agus réidh le haghaidh do thurais abhaile.

Nóta

Beidh an chuid is mó de ghníomhaíochtaí laethúla ar siúl lasmuigh agus tírdhreach uathúil aolchloiche. Ag braith ar an aimsir tá spás álainn laistigh ag fanacht más gá. Bíonn gach deireadh seachtaine rud beag éagsúil agus cuireann sé muid ar chumas na n-imeachtaí a athrú de réir mar a fheileann.​

*Praghsanna ticéid ar scála sleamhnáin ar fáil. Téigh i dteagmháil le ealuaran.com le plé a dhéanamh.​

Céard  le tabhairt  leat

Éadaí Te, fearas báistí, hata, tóirse póca, peann, páipéar, culaith snámha, cupán ath-inúsáidte agus buidéal uisce. Tabhair leat bianna ar leith a d’fhéadfadh a bheith uait, mar seans nach bhfuil gach rud ar an mórthír ag siopa an oileáin.

Scéal, dán, amhrán, uirlis cheoil nó cluas éisteachta.

San áireamh sa chostas

lóistín 7 oíche, 2 x Dinnéar, 2 x bricfeasta ilchríochach, tae, deochanna agus sneaiceanna.

Nach bhfuil san áireamh

Taisteal go dtí an oileán.  Imeachtaí nach bhfuil eagraithe ag Éalú Aran. 

Áiríonn an ticéad seo cúlú an deireadh seachtaine (5 - 7 Iúil) agus seachtain féin-luas ina dhiaidh sin (8 - 12 Iúil). *Más mian leat gan ach páirt a ghlacadh sa Deireadh Seachtaine, féach le do thoil ar an rannán ar leith don rogha seo ar an suíomh Gréasáin.

bottom of page