top of page

Chaith mé sé bliana go leith ag obair i monarchan mór leighis i nGaillimh. Chaith mé tréimhsí fada i mo shuí agus mé i mbonn na hoibre sin. De réir a chéile thuig mé an tionchar a bhí ag obair gan bhogadh ar mo cholainn, mar go bhfulaingím mar thoradh ar ghortú droma. Shocraigh mé iarracht a dhéanamh sos a ghlacadh níos minice i rith an lae agus bogtha beaga ar nós geáitsí ióga a dhéanamh aon uair a bhí deis agam. Is iad na geáitsí ióga is mó a thug sólas dom i leith na péine le linn an tréimhse sin.

IMG-20211123-WA0017.jpg
IMG-20211123-WA0018.jpg

Tá na buntaistí a bhaineann le hióga d’oibrí oifige, oibrí monarachána nó d’aon duine nach bhfuil ag bogadh ina gcuid oibre dochreidte. Tugann ióga fuinneamh don cholainn fiú muna bhfuil ann ach cúpla nóiméad ag déanamh íoga ag do bhord oibre nó ag do chathaoir oibre agus cabhraíonn sé le strustuirse. Tugann cúig nóiméad d’obair anála seans don intinn briseadh a thógáil agus fócas a ghiniúint arís. Is aoibhinn liom an fuinneamh a fhaighim ó chleachtadh gairid ióga ar maidin. Smaoinigh ar na buntáistí a thabharfadh rang 30 nóiméad do d’oibrithe go mór mór má dhéantar nós de chleachtadh rialta a dhéanamh - ióga simplí atá feiliúnach do chuile dhuine, is cuma cén ábaltacht.

 

Múinim ranganna trí Ghaeilge agus trí Bhéarla agus fáiltím roimh iarratas ó gach cinéal gnó. Is féidir liom dul chomh fada le do ghnó nó ranganna nó cúrsaí speisialaithe a chruthú ar líne. Déan dteagmháil liom má theastaíonn tuilleadh eolais.

bottom of page