Tuigim gur dushlán scáfar é clárú do ranganna ióga do thosaitheoirí, nuair nach bhfuil a fhios agat céard le déanamh sa rang nó fiú an bhfuil tú á dhéanamh i gceart. B’fhéidir go bhfuil seanghortú agat nó b’fhéidir gur mhaith leat triail a bhaint as ióga ionas go bhfeicfidh tú an dtaitneoidh sé leat gan bhrú cúrsa nó rang poiblí. Ní fios cén buntaiste a bhaineann le cleachtadh gairid ióga ar maidin. Is fédir linn oibriú le chéile chun gnáthchúrsa maidine ióga a chruthú chun tosach maith a dhéanamh ar an lá.
Tá na buntáistí a bhaineann le hióga rialta dochreidte, mar shampla feasacht mhéadaithe, solúbthacht agus láidreacht colainne. Is féidir le cleachtadh ióga nó obair anála cúnamh dramatúil a thabhairt do d’ intinn agus fócas a chruthú. Cabhraíonn cúig nóiméad d’obair anála an intinn a shuaimhniú agus fócas a ghiniúint.
Éalú Aran I Escape to an Island Retreat and experience wellness through Irish.
Is féidir liom ranganna pearsanta a chruthú duit nó do do ghrúpa. Tá ióga bog féiliúnach do gach aois agus gach leibhéal ábaltacht. Múinim ranganna trí Ghaeilge agus trí Bhéarla nó beagán den dá theanga agus fáiltím roimh aon iarratas. Teastaíonn lámh chúnta uainn ar fad ó am go ham. Déan teagmháil liom má tá aon cheist agat. .